14 July 2011
Gan idir Pravda ná Tass i NOTW ...
NUAIR a smaoiním faoi na meáin chlóite, cuimhnigí ar an seanabairt Rúiseach ó aimsir an Aontais Soibheidigh a dúirt nach raibh Pravda i dTass, ná Tass i bPravda (nó, nach raibh Firínne sa Nuacht, ná Nuacht san Fhirínne). Le seachtainí anuas tá an fhírinne ag briseadh tríd agus anois is léir go raibh na taicticí uafásacha, ísle, suaracha, eadrócaireacha i bhfeidhm ag an ‘nuachtán’ News of the World. Agus anois tá an NOTW ar slí na fírinne!
Tá rialtas na Breataine agus péas na Breataine anois i mbun fiosrúchán faoi iompar an nuachtáin, Bhí an scéal amuigh le tamall go raibh briseadh isteach ar thaifead guthán ‘celebs’ agus imreoirí spóirt agus polaiteoirí ach tá gach duine ar aon intinn anois gur bhain an NOTW an leibhéal is ísle fós nuair a bhriseadh isteach i dtaifead gutháin daoine a maraíodh i mbuamaí i Londain, Sasana, i dtaifead guthán cailín scoile a bhí ar iarraidh (agus a maraíodh ) agus ar thuismitheoirí páistí eile a maraíodh. Agus gur íoc siad baill den phéas as uimhreacha gutháin na ndaoine bochta seo.
Is léir, faraor, go bhfuil caighdeán iriseoireachta sa Bhreatain i ‘rás i dtreo an bhuin’, agus b’fhiú d’iriseoirí na tíre seo aird a thabhairt ar a bhfuil ar siúl thall, nó tá go leor le déanamh le caighdeáin na nuachtán in Éirinn a fheabhsú agus iad ag brath níos mó agus níos mó ar ‘scéalta’ seachas ar ‘nuacht’.
Cá háit a ndeachaidh rudaí ar strae? Bhuel, thiocfadh cuid den locht a luigh sa chinneadh (ag iriseoirí) gan ceird na hiriseoireachta a leanúint agus bheith ag brath ar ghairm bleachtairí príobháideacha. Nuair atá scéal níos tábhachtaí ná An Scéal, nuair atá uillinn éagsúil ó lucht do chomórtais níos suimiúla ná an fírinne, tá an cath caillte. In aois nuair atá saoirse an phreasa faoi ionsaí agus i mbaol tá iompar an NOTW i ndiaidh an saoirse sin a chur faoi bhagairt.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures